School: Inis Meáin (roll number 12339)
- Location:
- Inis Meáin, Co. Galway
- Teacher: Proinsias Ó Dorchaidhe
![The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 03_001](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0002C%2FCBES_0002C_03%2FCBES_0002C_03_001.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 03_001
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Seanchas i dtaobh na h-aimsire.
Tá go léor comharthaí ag na sean daoine le fáisnéis a thubhairt ar an sórt aimsire a bhíonn le teacht.
Baineann said meabhair (a) ón gealaigh, (b) ón ngréin, (c) óna [réabcógaí], (d) ón bhfairrge, (e) ón gaoith, (f) ón spéir agus (g) rudaí beo.
(a) Deirtear go bhfuil go leor ag an ngealaig le déanamh leis an aimsir. Tagann atrú ar an aimsir in-éadan gach ceathrú don ghealaigh. Ma bíonn droch aimsir ann lé tús gealaige nua is ionduil go mbeidh sé garbh go mbeidh ceathrú do'n gealaigh ann. Bíonn fáinne mór tímcheall na gealaighe go minic le báisreach agus lé droch uair. Nuair a bíonn sí leath-bháidhthe san aer bíonn báisreach air agus nuair a bíonn sí [caithre] ar a tón bíonn droch-aimsir air. (b) Nuair a bíonn an ghrian dearg ag dul faoi(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Chonghaile
- Gender
- Female