School: Inis Meáin (roll number 12339)
- Location:
- Inis Meáin, Co. Galway
- Teacher: Proinsias Ó Dorchaidhe
![The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 05_013](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0002C%2FCBES_0002C_05%2FCBES_0002C_05_013.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 05_013
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Meáin
- XML Page 05_013
- XML “Rudaí Neamhshaolta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhreathnuigh sé agus bhí an mada ag troid le rud éigin ina dhiadh. Buail faitchíos annsin é agus rinne sé deifir. Bhí an rud ina dhiaidh i gcomhnaidh agus an mada ag troid leis. Ar deire rinne sé an teach agus an péire ag troid ina dhiaidh agus ar maidin bhí an mada marbh ag an doras. Bhí fear eile tamaill ó shoin agus maidin lá le bealtaine chuaidh sé ag obair síos ag an muirbhteach roimh eirighe na gréine. Ní raibh sé i bhfad ag obair nuair a chonnaic sé plód capall ag teacht chuighe agus nuair a tháinig síad go dtí é séard a bhí ionta ná daóine a bhí básuighthe. Bhuail síad an fear agus ní raibh sé ind'on teacht abhaile agus mharbhóchadh síad ar fad é marach duine aca a raibh gaol aige féin leis. Thug sé sin anías ar a dhruim é agus d'fhág sé ag an tobar beag é agus chuaidh sé fhéin abhaile an chuid eile. Acht ní raibh sé dhá lá san mbaile nuair a cailleadh é. Bhí fear eile ag obair i ngardha go moch ar maidin lá amháin agus tháinig plód daoíne a bhí básuighthe ar an áil aige agus dubhairt síad leis imtheacht as an ngardha gur leó féin(continues on next page)
- Collector
- Bairtle Ó Cualáin
- Gender
- Male
- Address
- Baile an Mhothair, Co. Galway