Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sé an méid bidh a d'itheadh na sean daoine fadó sa ló na trí béile: béile ar maidin, ar am dinnéir agus béile tráth-nóna agus fataí a bhíodh aca le na n-agaidh bíod faocain agus báirnigh aca leis na fataí. Bíod said 'chuile mhaidin ag obair roimh an mbéile. Bíodh siad ag obair go cruaid agus is amhlaidh theighead dinnéar amach ar an garraidh aca. Ní bhíod an plúr ann an t-am sin agus bhíodh go leór mín bhuide aca agus déanaidís cáca as sin. Bhíod siad ag baint sgeacha le h-aigidh teineadh. Ní bhíod mórán tae aca ach bhíod bainne go leór aca le n-ól. D'ithidis uibheacha Domhnach Cásga. Bíodh ubh no dó ag cuile duine acha an lá sin. Ní bíod aon chupáin aca go dtí le gairid saspáin a bhíodh aca. Bíodh siad ag marbheadál ar biadh an chalaidh.(leanann ar an chéad leathanach eile)