Imleabhar: CBÉ 0283
- Dáta
- 1928
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)6
Mhúsgraighe ab’ eadh í ach admhuighid siad uile gur sa sémhadh
aois do rugadh í. Ní fuláir nú bhí fuil uasal éigin innte
de réir na sean-sgéalta agus deirtear gur fhág sí an
baile agus í ana óg. Deirtear gurab amhlaidh a tháínig
aingeal chúiche agus í na codladh agus gur órduigh sé dhi
bheith ag siubhal léi go dtí go bhfaghadh sí naoi gcinn d’fhiadhnaibh
bána i dteannta a chéile agus clochar a thógaint insan
áit sin.
Ní fuláir nú gur cailín ana naomhtha í agus a rádh gur
tháinig aingeal ó dhia ag triall uirthe. Seadh, do chomáin
sí léi agus níor dhein sos ná cómhnuidhe go bhfeacaidh sí
trí cinn d’fhiadhnaibh bána le chéile. Deirtear gur i
bPortláirge do thuit san amach agus glaodhtar Cill
Ghobnatan ar an áit sin go dtí an lá atá indiu ann.
D’fhan sí tamall insan áit sin ag guidhe chun dé agus seo
chun siubhail í airís go dtí go dtáinig sí go Cluain
Droichid i gConntae Chorcaighe. Do bhuail uime annsan
sé cinn d’fhiadhnaibh ar aon dath agus do thug sí tamall
eile insan áit sin agusí ag guidhe.
Seo chun siubhail airís í go dtáinig sí go dtí na
Cillíní i mBaile Mhic Íre agus nuair a fhéach sí uaithe
anonn ar Ghort na Tiobradan do thug sí fé ndeara
naoi gcinn d’fhiadhnaibh bána insan áit sin.
Do chaith sí í féin ar a glúinibh agus do thug buidh-
eachas ó chroidhe do Dhia a thug an treo san í.(leanann ar an chéad leathanach eile)