Imleabhar: CBÉ 0283
- Dáta
- 1928
- Bailitheoir
- Suíomh
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0075](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0283%2FCBE_0283_0075.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0075
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
(gan teideal)
“Do bhíos ag dul abhaile oidhche eile....”
Conas tras-scríobh a dhéanamh »Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.(gan teideal)
“Do ghlaodhadh sean-bhean isteach chughainn annsa fadó...”
75
Do bhíos ag dul abhaile oidhche eile go déidheannach agus d’airigheas
an capall ag teacht am dhiaidh ar sodar. Do bhí droch-ainm
ar an áit go rabhas agus do bhí sé ráidhte go bhfeacaidh
daoine sean-bháldínge ann agus é ar muin capaill. Do
bhí Báldíne marbh roinnt bhlian an uair sin.
Ba ghearr gur ghaibh an capall amach taobh liom agus
an marcach ar a dhrom. D’fhéachas ar an marcach
agus d’aithnigheas go breagh é: Báldíns a bhí ann.
Nuair a fhéachas ar an gcapall airís do thugas fé ndeara
ná raibh aon cheann air. Leis sin d’imthigheadar ar
mo radharc agus ní feacha a thuilleadh iad.
Samh
Do ghlaodhadh sean-bhean isteach chughainn annsan fadó ag sgor-
uidheacht gach aon oidhche agus deirtí go raibh sí ins na púcaíbh.
Pé ’ca bhí nú ná raibh do bhí greannmharacht éigin ag baint
léi mar is minic a bhíomair annsan ag cainnt agus ig
chur síos dúinn féin agus i lár na cainnte dhúinn do
liúigheadh an bhean agus ó theacht" adeireadh sí díreach fé
mar a ghlaodhadh duiinte éigin uirthi.
Annsan deireadh sí go gcaitheadh sí féin imtheacht agus ní fheicheadh
aoinne í go dtí an chéad oidhche eile