Imleabhar: CBÉ 0283
- Dáta
- 1928
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- 1.
An bhfeacabhair-se a dhaoine an teine le h-aoirdeas
Bhí ar tuitim na h-oidhche i mullach na réidhe
Bhí cruach Dhómhaill Uí Ríoghbhardáin bhí go taisgithe líonmhar
I dtosach an gheimhridh roim sneachtaidh is gaoth
Tá'n lnid gan moill ann a’s d’oirfeadh bean tighe dho
Níl teine ná gríosach a bheirbheochadh an té
Sé dubhairt Micil Buidhe mar is maith an fear tighe é
Go dtabharfadh crib lionta is go ndeanfadh sé deirc.
II.
Tá capall mear groidhe aige go mbéarrfar a mhuingde
Ach innsint go cruinn díbh go bhfuil sé ’san aos
Mar gur bé Seán Ua Cuill gur casadh sa tslighe é
Bhí machine is cíor aige is ceardaidhe glan é.
Sé dubhairt Máire Chárrthach go raghadh sí thar sáile
Mar go raibh sí trí ráithe is ná pósfadh sí é
Gur bé an síneadh gan sásamh nár b'eagal do mhnáibh é
Mar ná beadh aige páiste i gcaitheamh a shaoghail.
III.
Pead Buidhe is fear ceoil é glaoidh chun tigh óil é
Tabhair gloine nú dó dho is cuardóchadh sé é
Dubhairt duine des na cómharsain le teacht an tráthnóinin(leanann ar an chéad leathanach eile)