Imleabhar: CBÉ 0283
- Dáta
- 1928
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)33
Is fada dhóm féin im' mamaidh gan chéill
I mullach na pleisge fuaire
fearthainn is gaot am' stealladh fan chléibh
Agus gan sgáth orm féin púinn uaithe
Mo chasa dá leathadh ag sioc agus sneachta
Is mé ag dul i gcrithibh ró bhuadhartha
an aoinne na bheathaidh do bhearfadh mé abhaile
Ach mé sínte sa dearg an chruadhnairt
é.
Eist-se go fóill go dtiocfaidh an faghmhar
Agus cuirfeadh sa chóir ort an uair sin
Dir stoca gus bróg agus neithe eile den tsórd
D’oirfeadh dhodh sord mar dhuachaill
Bríste agus natha agus casg breagh greanta.
Béid cóir ort ón bhfeartainn an uair sin
gurab é deir buachaill an ghleanna
go bhfuil buaidhte agat feasda
Chuan cailiní deasa bheith suas leat."