Imleabhar: CBÉ 0283
- Dáta
- 1928
- Bailitheoir
- Suíomh
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)226
Do bhí díolaidheacht maith a thabhairt dhóibh as iad
do choimead do. D’fhan an sgéal ar an
gcuma san go dtí gur chuimhnig an stigh an
phósadh airís agus cuige sin do chuaidh sé ag
triall ar a dheirbhfhéaracha agus d’innis sé
an sgéal dóibh. Dubhairt sé leo go ndéanfadh
sé tigh fé thalamh don triúr mac mar gur
mór leis a raibh de mhuirighin air, g go
dtabharfadh sé féin aire dhoibh le congnamh
a ndeir bhfear.
Nuair a bhí an tigh déanta aige do chuir
sé a thriúr mac isteach ann agus do chuir
sé gadhar mór laidir isteach na dteannta.
Bhí tuisgint idir é féin agus an inghean
biadh do chuir ag triall ortha go coithchianta
i ganfíos d’aoinne mór-thímcheall ortha,
ar eagla go bhfaghadh aoinne san áit amach
go raibh a leithéid i n-aonaor ann.
Annsan do dhein sé cleamhnas le mnaog
uasáil a bhí i bhfad ón áit na raibh sé
féin na chómhnuidhe.
Do phós sé an bhean annsan agus do thug sé(leanann ar an chéad leathanach eile)