Imleabhar: CBÉ 0283
- Dáta
- 1928
- Bailitheoir
- Suíomh
![An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0430](https://doras.gaois.ie/cbe/CBE_0283%2FCBE_0283_0430.jpg?format=jpg&width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
An Príomhbhailiúchán Lámhscríbhinní, Imleabhar 0283, Leathanach 0430
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilAr an leathanach seo
(gan teideal)
“Bacach a bhí ann fadó agus do bhí sé pósta.”
430
Bacach a bhí ann fada agus do bhí sé pósta. Do thárla
Mar seo tráthnóna gur eirigh eatorra araon agus
bé deire an sgéil é gur sgaradar a chéile.
Bhí dúil aca araon san ol. Chuaidh duine aca
soir agus do ghaibh an duine eile siar
Níorbh fhada i n-aonchor gur tháinig cathughadh
ar an mbacach agus ba dhóigh leis gur bhfearr
an t-imreas ná an t-uaigneas. Tharnais leis
airís agus do chuaidh sé isteach i dtig
Seo mar a labhair sé:
"go mbeannuighidh Dia is mise isteach
i gcómhdáil bheannuighthe an tighe seo
Is liomsa atá na trí gartha is fearr
a chuala tú, i mbaile nú i n-áit ariamh:
Marsatá; Na gártha Toindeachta
Ua gartha beannacht agus
na gartha páidhreachta
leis an impidhe agus leis an athchuinge sin
Eirigh thusa id’shuidhe a bhean a’ tighe
Is nar cradhaidh Dia do croidhe
Nar thugaidh an deamhan ná an donas
uait fear a’ tighe
Mar tus an fiolar an t-éan fadó
bhuidhe
on chirc
Tabhair dom-sa:(leanann ar an chéad leathanach eile)