Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Grianán
- XML Leathanach 187
- XML “Seanscoileanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- "Sgoileanna scairte" a tugudh ar an sgoileanna a bhí annseo fadó. Bhí ceann aca i nGort agus ceann eile i nGríanan. I sgioból a bhí an sgoil ar siubhal. Níl fios agam cé hé an duine a bhí ag muineadh na bpáiste. Stroínseir dobead an múinteóir.Muintí damhsadh agus ceachta dos na paístibh ins na sgoileanna sin. I nGaedilg a muíntí na rudai sin.Bhíodh labhair ag na paiste fado. Acht ar shlinne a sgriobaidís gach aon rud. Ní bhíodh aon cailc aca agus is le píosa de sean phíosa chré a sgriobadh na paístí aon rud ar na slinnte. Ar lic mhóir a bhiod in-a-seasamh ar thaob an bhalla a sgriobhadh an muínteoír ceann líne no aon rud eile a bhí le sgriobhad aige. Ní bhiodh aon suidheacan no binnse ins na sgoileanna sin le hagaid na bpaísti. Ar an talamh a shuidhidhís act bhí cathaoir amhain ann le haghaidh na muínteóra.Na sgolaire a bhí ag dul go dti an sgoil sin niorbh feidir leo aon béarla a labhairt ach beagan beag ar a tugtar "Beárla Briste". Bhíodar in ann Gaedhilg a labairt go binn blasta. Bhíodar in ann damhsaí Ghaelac a damhsadh agus bhí amraineact Gaedilg aca freisin
- Bailitheoir
- Mártan Mac Cuimilín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Gort, Co. Mhaigh Eo