Scoil: Grianán (uimhir rolla 13178)
- Suíomh:
- An Grianán, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Máiréad Bean Uí Riagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Grianán
- XML Leathanach 188
- XML “Seanscoileanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó in Éirinn is í sgioból a bhíodh na páistí ag foghluim a gceacht no amuigh fe'n aer. Ní bhíodh aca chun sgríobhadh ach píosa de cípín lasta, nuair a bhíodh sé múchta no píose de shean-phíopa. Do sgríobhaidís ar slinnte. Do bhí ar na paistibh leat-phighinn a thabhairt do'n máighistir gach lá. Bi'n é an págh a geibhedh sé.Bhí sgoil scairte i nGort agus i nGríanán. Níor chuala mé ce'n t-ainm a bhí ar na múinteoíri mar stróinseírí dob ead iad. Ní chomhnaidead na múinteoirí ins an teach céadna gach oidhche ach d'fanadh sé oidhche i ngach tigh in-a raibh páiste agus ar feadh cuid de'n oidhche do bhidís ag múineadh na gceact do's na paistibh.Ins an am sin ní raibh aon cathaoir ná deischeanna ins na sgoileanna ach do gheibhidís blocai móra de gúis-portaigh agus shuidheadh na páisti ar na blocaibh sin. Do shuidheadh na múinteoirí ar bhloc eile ós chomhair na bpáiste.
Cuir an t-Athair O Conaire an sagart pharroiste Eadar Gabhail a lán sgoileanna scairte ar bun, chuir se ceann ar bun i Leat Árdaín agus ins an ceann sín fuair an t-Ard Easbog Sean Mhic Eíl cuid da chuid oidceacais. Bhíodh an t-Athair- Bailitheoir
- Máiréad Ní Chuimilín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Gort, Co. Mhaigh Eo