Scoil: Sliabh Liag
- Suíomh:
- Mín na bhFiann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Caitlín Nic An tSaoir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aníos corp an Mhairnealaigh agus thug isteach é go deárnadh a fhaire i dteach do na Beirnigh ar an Críonmhín.
Leis an óir a fágadh aige thóg an Bráthair Bán trí Teach Pobal. An chead cionn a thóg sé tá na ballógaí le feicealt go fóill. Tá sé istigh i lar an gleanna, Gleanncoluimcille, ar baile beag a dtugann siad an Fhochair air. Rinne sé cionn eile ins na Cealla Beaga. Ta bállógaí an tríomhadh cionn le feicealt ar thaobh do láimhe deise ar an bheálach go Baile 'n Droichid na Cill Cártha agus an t'ainm atá air Teach Pobal na dTrí Srúthan.
Seán-fhocail
Ní minic a fuair cú gortach cnámh.
Is minic a bhí cú mall sona acht is minic a bhí sí mall ag an tseilg.
Is olc an baile nach feárr na'n t-aonach.
Is teánn gach madadh ag na dóras fein.- Bailitheoir
- Proinnseas Mac Giolla Easpuig
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Mín na bhFachrán, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Anna Ní Giolla Easpuig
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Mín na bhFachrán, Co. Dhún na nGall