School: Machaire Rabhartaigh
- Location:
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Seán Ó Gallchobhair
![The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 295](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1070%2FCBES_1070_295.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1070, Page 295
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Machaire Rabhartaigh
- XML Page 295
- XML “Lucht Siúil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bíonn málaí leathair le cuid aca agus bíonn málaí eudach garbh le cuid eile aca. Bíonn mála an éudaigh gearrtha i n-a ghiota amháin aca agus bíonn na baill eudaigh istigh ann aca. Bíonn na malaí leathair leo fá-choinne na h-earraí beaga uile a iomchur. Acht is annamh a bhíonn malaí leathair leo nó bíonn sé ró-dhaor aca le ceannacht.
Bíonn fáilte mhór rompa ins na toighthe agus bíonn na daoine ag tairsgint bidh dóbhtha i ngach eile theach. Ní fhanann siad acht oidhche amháin i ngach teach. Bíonn leabaidh chócháin déanta i gcois na teineadh ag na daoine dóbhtha agus codluigheann siad ann go maidin. Ceannuigheann siad a gcuid bidh fhéin ins na siopaí agus bíonn sé leo gach áit a dtéigheann siad acht bheireann na daoine biadh dóbhtha gan a dhath nó glacann siad truagh díobhtha.
Bíonn siad ag iarraidh déirc fosta. Pighneacha, uibheacha, sean eudach agus bróga is mo a bhíonn siad a iarraidh. Bíonn carr asaile leo corr uair agus de shiubhal coise a bhíonn siad amanna eile. Bíonn dreamanna de na tinncléirí ag dul i gcuideachta corr uair. Nuair a bhíonn siad ag dul mar seo ní chodlann siad ina na toighthib.Codhlann siad amuigh faoi an spéir. Seo cuid aca: Allaic Mac Fhionnlaigh agus a bhean Eilis, Domhnall Ó Cearbhaill agus mar sin de. Tá Allaic Mac Fhionnlaigh agus a bhean i n-a gcomhnuidhe ar an Fhalcharrach. Bíonn sé fhéin agus an asal ar shiubhal leis ó áit go h-áit agus é ag díol cupaí stáin. Seo sgéal beag a d'innis sé sa tigh s'againne(continues on next page)- Collector
- Máire Nic Géidigh
- Gender
- Female
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Seán Mac Pháidín
- Gender
- Male
- Age
- 58
- Address
- Machaire Uí Rabhartaigh, Co. Dhún na nGall