Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- XML Leathanach 0233
- XML “An Triúr Deirfiúr”
- XML “An Bhean Antlásach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sí.
Ghlaoidh san treas fear ar a bhean. Ní dhearna sí ach na cártaí bhualadh fá'n mbord agus [a] dul anonn. Ghnóthuigh sise an geall. - Mo ghrádh thú, adeir sé. - Bhí bean ann fadó, agus bhí go leor óir aice. Nuair a bhí sí ag fágháil bháis bhí drugall uirthi an t-ór a fhágáil i n-a diaidh agus chuir sí síos i mbácús é. Thuit sí i n-a codladh annsin. Bhí cailín sa teach i n-éindigh léi agus bhí sí an-chliste. Nuair a fuair sí an bhean i n-a codladh thóg sí aníos an [t-]ó[i]r agus chuir sí ím i n-a áit. Nuair a d'éirigh an bhean thóg sí an t-im leáighte agus d'ól sí é mar cheap sí gurab' é an t-ór a bhí ann. Nuair a fuair an bhean bás bhí an t-ór ag an gcailín agus mhair sí go sona [faoi] shéan nó go bhfuair sí bás.
- Bailitheoir
- Séamus Ó Fionnagáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na hAille, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máirtín Pheadair ac Coistealbha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Seoladh
- An Baile Fánach, Co. na Gaillimhe