Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0279](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0061%2FCBES_0061_0279.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0279
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)IV
Na cúirteanna ‘s iad déanta
Gan mairg ó na saora
Na caisleáin is iad líonta
Le soillse suas go bárr
Roghain gach biadh ‘s gach dighe ann
Dár leagadh ag aon righ riamh
Damhsa ag clanna sidhe
Is lán-siamsa ins’ gach bán.V
Na báird a’ seinm ceóil ann
Ar chlársaibh sreangaibh ór buidhe,
Na draoithe go ciúin ag cómhradh
‘S ag cur síos ar thogha na laoch,
Na flatha ag ithe ‘s ag ól ann
‘S an claidhmhreach amuigh a’ foghluim
Is torthaí ann ‘na sgórta
Ag tarraingt síos na gcraobh.VI
Arb’ shiúd é tír na h-óige
Bhí faoi theas an tsamhraidh i gcomhnaidhe
‘S ar fhan Oisín ann go bródamhail
I bhfad i ndiaidh na bhFiann?
Ró arb amhlaidh ghlac dubhrón
A chéile Niamh Chinn Óir ann
‘S go bhfuil sí ‘tigheacht ar chóstaí
Le uaigneas ‘na dhiaidh?(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seósamh Ó Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 27
- Seoladh
- Baile na mBrobhach, Co. na Gaillimhe