Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go dtí an chlaise, chaith sé í. "Dar fiadh, is ait an léim buláin í sin" adeir an mac. Agus ar an nóiméad agus a bhí an focal as a bhéal, d'éirigh an bulán go léim san aer agus thug talamh do'n mhac. Cheap sé annsin nár mhór dó tuilleadh sásamh a bhaint dhó. Tharraing sé cuaifeach de chic air, agus rinne sé dhá snutha dhá lorga.Thosuigh an mac ag sgreadach agus ag blaghrúch, agus bhí sé ag ceapadh go ndéanfadh na daoine maithe truagh ach ní dhearna. Lean sé air ag ceól. Badh gheárr go bhfaca sé fear ag teacht chuige, agus é ag rith. "O céard atá ort a chréatúir?" arsa an fear.
"An donacht a chaiptín," adeir sé, agus thosuigh sé ag innseacht an sgéal dó.
"Tiubraidh mise go dtí do theach fhéin thú," arsa an fear leis. Thug an fear leis ar a dhruim é nó go dtáinig siad go dtí an teach. Leag sé anuas é annsin agus chuir sé caoí ar an gcois. "Tá mise ag imteacht anois," adeir sé, agus ná h-innis cé a chuir an chaoí seo ort."
Nuair a tháinig an t-athair chonnaic sé an mac agus é 'na shuidhe ar chathaoir i lár an urláir, agus a chois chomh maith agus a bhí an chéad lá ariamh. "Shílfeá go bhfuil tú beó," adeir sé, "shíl mé gur cuir an bulán, deire leat." "D'féach sé leis ach chinn air," adubhairt an mac, agus dearfa tú leis nuair a chasfas sé dhuit sé uair eile, nach bhfuil brigh ar bith ann, mar gur thuit sé fúm-sa."
"Níor thuit" adubhairt an t-athair, "ach leag sé tú nuair [sé] a labhair tú. Nár dhubhair mé leat gan labhairt, ach sean-fhocal(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Flaitheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Lochán Beag, Co. na Gaillimhe