Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Chuimín
- XML Leathanach 119
- XML “Réamonn an Orlaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ibhfuinneoig na cille. D'arduigh Reámon a chlaidheamh agus tharraing sé buille uirthi gur bhain sé an cloigeann dí den chead iarracht. Thuit deor fola ar a mhéar agus chomh tuisge is do thuit bhain sé an mhear de feín le na chlaidheamh. Labhair an t-ollpheist leis annsin - dubhairt sí go raibh sí i bpein mhóir agus buille eile nu dó a thabhairt di, chun í do mharbhadh 'mach sa 'mach. Acht ní dhearna Reámon é. Theis sgathaimhín d'eag an t-ollpheist agus chuaidh Reámon abhaile.Tá portach idir Reilig Chille Chuimin agus Loch Coirib, agus deir na sean daoinibh go dtainic daoine a bhí ag baint móna fadó ar an bportach sin - go dtainic siad ar bealach faoi thalamh a bhí ag an ollpheist ón loch go dtí an Reilg.Tá Reamon curtha i Reilg Cill Chuimin, agus tá leac os a chionn agus cloideamh gearrta uirthí.