Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)

Suíomh:
An Pollach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 156

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 156

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Chuimín
  2. XML Leathanach 156
  3. XML “Na Mic Tíre Deireanacha a Bhí in Éirinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bó ag breith. Rinneadh sin, bhí an cú ag an comharsan agus ba ghearr go bhfaca an bheirt aca an mactire ag teacht. Do ghortaigh an cú an mactíre ce go raibh sí féin gortuighthe go mór. Lean an cú an mactíre on mBearna siar go Cnoc na hAille taobh thiar don Spidéal. Bhí an brocais an-láidir, acht dfhan an bheirt fhear ar feadh trí lá ag stocail amach na pluaise. Is dócha go bhfuaireadar congnamh o mhuinntir na háite sin. Pé scéul é deirigh leo an ait a reidhtiú amach agus na mictire a mharbhú.
    Bhí dhá mictire ann, an ceann banndhan agus an ceann feireann acht trí cinn do coileanaibh. Mharbhuigh siad na mictire ar fad. Bhain siad na cloigne díobh agus thugadar go Gaillimh iad ait a bhfuaireadar £5 an ceann orthu. Bhí neart airgid ag fear na mbeithí annsin agus cheannuigh sé beithí eile.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge