Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- CAOLACHDeantar faoi lathair, agus deireadh fadó cléibh as caolach. Maidí nu scolb cabhall agus fuinnseoige a cuirtear ionnta. Is fearr an fhuinnseog na an cabhall - sé sin tá sé níos teagaraigh acht tá clíabh deanta as an bhfuinnseoig an throm ar fad agus dá brigh sin bfearr leis na feilmearaidhe an cabhall mar tá sé eadtrom agus tá sé teagrach go leor.I dtus baíre caithfidh an feilméar na scoilbh a tharraint. "Ag tarraint" adeirtear acht ní tharrnuigheann siad iad acht gearrtar iad le sgin nu le corrán. Is feidir le caoladoir maith suas le 4000 scolb a tharraint in aon lá amhain - sin má bhionn siad go tiugh. Deanann sé gad annsin, nu scolb mór laidir fada casta agus ceangluigheann sé na scoilb leis. Beart atá aige annsin. Bionn idir 500 agus 600 scolb sa mbeart. Tógann nu iompruigheann an caoladóir an beart abhaile leis ar a dhruim(leanann ar an chéad leathanach eile)