Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)

Suíomh:
An Pollach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Gearóid R. Ó Laidhigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 172

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 172

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Chuimín
  2. XML Leathanach 172
  3. XML “Ceirdeanna - Gaibhneacht”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    cuirfeadh sé cré os a cionn. D'faghadh sé annsin é go dtí an lá ar na mhaireach agus toigheadh sé é aríst. Cuireadh sé sa teine é airist agus lasadh sé é. Le "gaoth teann bhuilg" d'fheadfad sé teas iongantach maith a goradh agus deir na sean daoine go mba easgaidh don gabhainn faghairt maith a chur ar an iarann le teas móna na le teas guail ar an gcaoi seo.
    Bhí na sean gaibhne i riocht laighe a dheunamh a gearrfad cloc - sleaghan a gearrfadh an gcumhas agus pice nach mbrisfeadh. Bhiodar i riocht faobhar a chur ar sgin nú ar mhidach a gearrfad trí leath choroin da dtuitfeadh sé ortha ó airde shlait. Is doice gur thuig na sean gaibhne an chaoi a bfearr cruadhas nu fabhairt a chur ar uirlisí - bhiodh sé cruadh agus bhiodh roinnt beodhchas ann fresin. Leigfeadh sé leis roinnt sul a mbrisfeadh sé . Bhiodar thar cionn ag cur faobair ar oirnéis. Bhodh eolas aca freisin ar thinneas a bhiodh ar capallaibh agus i riocht iad a leigheas. Is minic a chonnaic mé fein maide thios sa bportach suas le sé nu seacht ordlach ar leitheadh agus cuma air go raibh sé gearrtha leis an gceud bhuille de thuagh
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
          1. gaibhneacht (~2,389)
    Teanga
    Gaeilge