Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Chuimín
- XML Leathanach 176
- XML “An Tuirne”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus an cuid thios thuas agus bionn an dlú eatorra. Mar sin a sniomhtar an flainín agus an ceann easna agus an breidín.Ní bhionn aon dath curta ar an flainín. Deantar an ceann asna le inneach geal agus dlú deanta as olann breac nu olann daithte crón nu dubh. Sé an dath a usaidtear le breidín láib, scrá cloc (fásann sé seo ar carraigreacha ar an slíabh), agus reilóg a fhasann sa bportach. (Deirtear gur as an reileóg a ndearnadh na sguirsaí a bhí ag na saighdiuraí a bhí ag bualadh Ar dTighearna)Tá adhbhar eile a mbionn córda ann a dheanann an figeadóir. Tá sé níos truime na an ceann asna agus figheacain na pluidhe a tugtar eile (?). Bionn "ceithre chos" ag obair i n-ionaid "(?) chosa" sa bhflainin agus san ceann easna. Tá an t-eadach seo trom agus teagarach acht ní morán de a deantar anois. Deireann na daoine go bhfuil sé ró throm