Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Chuimín
- XML Leathanach 210
- XML “Cill Chuimín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)i n-aice na Gaillimhe agus cuid eile aca thiar i gConamhara.Tá teach mór Pairc an Leamhain i n-aice le Uachtarárd. Mhair an duine deireannach do na Flaithbeartaigh annsin go bhfuair sé bas suim bheag bladhannta o shoin.Bhí caislean ag Ruadhraí Ua Flaithbeartaigh i Mágh Uilinn acht measaim nach bhfuil an bun trá le feiceál ann anois. Bhí teach mór eile ag na Flaithbeartaigh i nEochara taobh o dheas do Loch Lonán.Bhí dá chaislean i dTula Caodhaín, Mágh Uilinn gar go leor dá céile. Tá sceul ag na seandaoinibh gur mhair beirt drifiúr ins na caisleanacha seo. Níl aon cheo fagtha do cheann agus leag Stoirm (Oidhche na Gaoithe Moíre) leath an chinn eile. Níl sé an-fhada ó Loch Coiribh. Duine do na Concubairí an duine deireannach a bhí ann 1641.Tá teac mór an Rosa ann fós. Cheannuig an Leabhasach (?) é tamall o shoin agus rinne sé suas é. Doigheadh é in a dhiaidh sin acht rinneadh suas é airíst.