Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an triúr fear amach an doras agus d'imthigh siad ar a mbealach go Gaillimh.Bhí bean an tighe ag siubhal timcheall an tíghe go dtainic a fear isteach agus rug sí air."Tá tú agam faoi dheire thiar thall" ar sise."Sábhail a Dia Sinn" ar seisean "Tá sí as a meabhair" agus chuir sé fios ar an sagart agus ar an dochtuir. Bhí sí dona go leor an oidhche sin go bharr ré reilicán a thainic in a ceann i ngeall ar an meid suibhail a rinne sí timceall na cisteanaighe ag tornigeacht (?) na spailpíní. Bhí sí ar fheabhas airíst lá ar na báireach.Dimthigh na spailpíní leo go dtainic siad chomh fada le Magh Uilinn agus chuaidh siad isteach i dteach ósda annsin agus ghlaodhadar ar dhinnear. Tugadh dóibh é agus neart le n-ól. Núair a bhí an dinnear ithte aca sheas duine aca suas agus labhair sé mar seo le bean an tighe:-"Bí an dinneár ar fheabhas" ar seisean agus ní bréág ar bith a radh go raibh an t-ól go maith acht dfeadfadh sé a bheith i bhfad níos fearr, agus le teasbaint duit, a bhean choir, go bhfuilmid buidheac duit deanfadidh mise braindí agus uisge beatha agus fion, agus(leanann ar an chéad leathanach eile)