Scoil: Scoil Chuimín (uimhir rolla 4786)
- Suíomh:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Gearóid R. Ó Laidhigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ar a' bPolach (Roscathail, Co. na Gaillimhe) tuairim 's trí scor bliadhain o shoin. Seamas Mac Carthaigh nu Cartúir ab ainm dó. Phós sé bean as Lios Uachtar, áit taobh thiar de Uachtarárd. Sé an spré a fuair sé le na mhnaoi gabhar agus caora. Ní raibh teach na árus (?) ag Seamas bocht nuair a phós sé ach níor bhain sin an mhisneach de. Nuair a bhí sé féin agus a bhean théis pósadh thug sé léi abhaile í agus ar an mbealach abhaile dóibh thug sé isteach i bpuitín gabhar. Ar an bpoinnte thosuigh sí ag clamhsán faoi an áit - bhí sé ró bhocht - ní raibh teallach ná simléar ann agus boladh láidir na ngabhar i ngach áit ann. Dubhairt Seamas léi go mbfearr é go mór ná an ait a bhí aige féin nach raibh ait ar bith aige. Fuair sé tuagh annsin di agus chuir sé iachall uirthi cleiteacha a ghearradh agus cabán a dhéanamh. Nuair a bhí sé sin deunta aici thug sé laighe di agus dubhairt sé léi scrachacha a bhaint agus iad a chur ar an gcabán. Fuair sé speal di annsin agus dubhairt sé léi cíb a ghearradh. Beigean di é a dhéanamh agus beigean di scolb a bhaint agus díon a chur ar an gcabán. An fhad is bhí sise ag obair bhí Seamas féin ina shuidhe síos ag caitheadh tobac.(leanann ar an chéad leathanach eile)