Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 005

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 005

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 005
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 5)
    Scéal beag é seo d’innis Séamus d’hÓrdha dhom a chualaidh sé féin ó na mháthair a bhí sa lios i bparóise Bhreanndáin. Tá Séamus anois in aois a 72 bhliain, agus é ‘na chómhnaidhe le na ingin, i mBaile na Leacan i bparóiste Chlocháin. Tá tre bliana ó shoin ann á scríobhas an scéal beag so uaidh.
    S. Ó Loingsigh OS.
    Bhí fear dall fadó i mbaile an Chnocáin i bparóiste Mórach thiar i nDuibhneachaibh.
    Ba leis baile an Chnocáin ar fad san am san. D’imigh sé féin agus a ghiolla ar a lorg ó áit go h-áit, gur chuadar chómh fada le Caisleán Cinn Bhéara.
    Ins an am san is amhlaidh a seoltaí na capaill chun an aonaig fé mar a deintear leis na beithidhig anois. Chuaidh an dall ‘s a ghiolla go páirc an aonaig chómh maith le cách. Nuair chuir an giolla in iúil de’n dall, é bhéith i lár an aonaig, is amhlaid do ghlaodhuig sé sin amach in árd a chinn sa ghotha ar ainmeacha na gcapall, agus láithreach seo a triall air iad.
    Do chuaidh sé annsan i láthair an Chirt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    S. Ó Loingsigh
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Séamus d'h Órdha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    72
    Seoladh
    Baile na Leacan, Co. Chiarraí