Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 010](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0429%2FCBES_0429_010.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 010
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Mici Learaidhe" arís, ag tagairt de Chasóig bhreise do thug a bhean déin, agus bean comharsan, a triall air, ó'n nDaingean, Satharn áirithe.”
10/168"Mici Learaidhe" arís, ag tagairt de Chasóig bhréide do thug a bhean féin, agus bean comharsan di, a triall air, ó'n nDaingean, Satharn áirithe. Bhíodh “culaithí cairte”a ndíol ar bholg na sráide sa Daingean san am san, gach lá aonaig, fé mar bíonn indiu. Do cheannuig an bhean “Casóg Cairte” dho an Satharn so, agus nuair theasbáin sí dho í. Tar éis teacht abhaile dhi, níor fhan aon mheas aige ar an gcasóig. Seo mar dúbhairt sé:
Do thugadar chúgham-sa de sciúird ó’nmargadh,
“Sac” mar chlúid nár bhfiú liom
amharc air,
Thugas-sa flúirse mionn ná caithfinn é,
Mar a b’faighinn-se dathuithe é crón
mar bhréid.
----------------------- Conas tras-scríobh a dhéanamh »Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Faisnéiseoir
- Seán Mac Gearailt
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 84