Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Do chuadhas ar rith go Taobh-a-Chnuic.”
Fígheadóir a bhí ar an “lios”, gur theastuig úghaim uaidh chun píosa bréide d’fhígheadh, do dhein an racaireacht so.
“Deabhans” (Downes), nó Ó “Dubháin”, do b’ainm do.
I
Do chuadhas ar rith do Taobh-a-Chnuic,
Go dtí Learaí ó Loinsigh ó Laoghaire.
’Sis amhlaidh a bhí sé rómham ’na shuidhe,
’S é deisiú líon ar saothar;
Do loirigeas úghaim air má bhí sí ’rúnach,
Go bhíghfinn-se blúire bréide,
‘S dúbhairt sé liom-sa, go raibh sé i gcumhangrach,
‘S ná féadfad triúr é réidhteach.
II
Do chuadhas go mall go Hannraí Deabhans,
Fear ná raibh dall ar aon rud,
Bhí a scian bhreag ramhar ’s é baint croicinn de ghabhar,
Agus allus go trom ar a léine.
Do loirigeas ughaim air má bhí sí runach,
Go bhfíghfinn blúire bréide.
Ach dúbhairt se liom gur sciob easú,
Amach sa tsrúil aréir í.Leon [t/?](leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Ó Dubhán
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Fíodóir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Lios na Caolbhuí, Co. Chiarraí