Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Leathanach 018
- XML “Béalmúinteoiras ón gCeapaigh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- M'athair (R.I.P.) so chuala á rádh so tá deich mblian ó shoin ann. Dúbhairt sé gur gabha a dh'imig an dúthaig síos amach, a' tuilleamh a bheatha do féin is dá mhuirear agus gur ghaibh ráfla tímpeall, é bheith marbh, agus go ndeireadh daoine gur bhí a dhriofúr a dhein an caoineadh so dho:-
I
Dob fhuirist aithniúint ar theacht fé'n srád dom,
Nuair nár chuala fuaim do cheárdtan,
A déanamh glais cip ná tairgne
Fariór, deacrach! gur marbh dp ráinghís
II
A dhriotháir ó, 'sa dhriotháir na gcarad
Is fada siar é rian na droch-mhná ar do leacain
Tart an gheimhridh ahus fuacht an earraig
Uireasa an éadaig agus céalacar fada.
III
'Sa bean úd thuas an h-ainceisúir síoda
Ná fuil aon bhrón ar lár do chroidhe-se
Nách é mo dhriotháir is measa leat sínte
Ach tú a' déanamh cleamhnais ar do dhícheall.Bhí an Sagart istig, agus é láithreach, taréis an Óla Dhéanach do chur air, ag éisteacht leis an gcailín, agus bhí an bhean dár thagair sí dhi,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- S. Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)