Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus nuair bhí sí sásta, do shín sí tar nais den "Bean Siubhail" í, ag rádh san am chéadna -"Beannacht Dé le't anam
Agus le h-anamnacha na marbh
Más lia féar a fás
Ná gainimh ar an dtráíg
Ná drúcht ar an mbán
Beannacht Ríogh na nGrást
le gach n-aon d'shíol É' 's Á'."
Do ghréigean a bhí an focal deireannach ráidte as a béal aici ná d'eirig an t'éan mór bán amach as an dtór ó na taoibh; agus dúbhairt -"Agus le't anam-sa leis, a Mhaire Sheamuis."
Anam, a bhí a fuling prugadóireachta agus riocht "Mná Siúbhail," a bhí ann; agus ar ghuidhe Mháire do maitheadh na peacaí nó pé iarsma pheacaidh a bhí ar an anam san, agus do chuaidh an t-anam san go dtí's na Fhlaithis.
Nóra Nic Gearailt o'n gCeapaig - 65 bliana a chualaidh ó'na máthair é seo.- Faisnéiseoir
- Nóra Nic Gearailt
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Seoladh
- An Cheapaigh, Co. Chiarraí