Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire

Suíomh:
Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 039

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 039

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
  2. XML Leathanach 039
  3. XML “Scéal an Fhiolair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    39/
    D’fháiltig Máthair an fir óig roimpi agus d’fhiafruig sí dhi cá bhfuighead sí cócaire maith a thabharfadh cabhair de’s na cócairí eile. Bhí oireadsan le déanamh aca le méid na ndaoine a bhí ann.
    Dubhairt an bhaintreabhach go raibh a leithéid sin de chailín sa tig aici féin, agus gur bh’árd chócaire í. Do cuireadh fios láithreach uirthi agus tháinig sí.
    Bhí sí annsan ag oibriú léithi imeasc na gcócairí eile, agus nuair a bhí an suipéar i leathtaobh do labhair sí focail éicint neamh-chotchianta, agus tháinig ciunas sa tig.
    Nuair a bhí na focail ráidte ’ci, do chuir sí coileach ’s cearc ag piocadh gráinne coirce ar an úrlár. Do bhí gach éinne a’feuchaint ortha. Fé dheire do rug an Coileach an gráinne déanach ó’n gCearc (gcirc) agus dubhairt sí leis mar seo “Léan ort! Tá do ghrádh imighthe anois. Nach cuimhin leat nuair a dheineas-sa lacha dhíom fhéin, agus chuadhas síos annsan loch agus thugas an fáinne chughat! Nach cuimhin leat nuair a bhís insan gcoill gur mise a leag an crann duit! Nach cuimhin leat nuair a dheineas na cleasanna ar thaobh bóthair nuair a bhí m’athair ad’ lorg! Dubhart leat gan
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0313: The Girl as Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máighréad Ní Dhéadha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Faisnéiseoir
    Peats O' Mórdha
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    89