Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Grádh ‘s Brón
Bhí buachaill ann aon uair amháin a bhí ana mhór ar fadh le cailín áirithe. Tráth de’s na tráthanna do buaileadh breóidhte é, agus dob éigean do an leabaidh do thógaint. Bhí sé go tréith-lag sínte ar an leabaidh sin tréimhse mhór fhada, agus ní raibh aon bhreis fhabhais a dul air. Lá de’s na laetheannta an fhaidh a bhí san amhlaidh do seineadh cleamhnas de’n cailín agus d’fhear eile. Sar ar pósadh iad amhthach dúbhairt sí lá léithi féin go raghadh sí a’féuchaint a grádha báin. Sar a scarfadh sí go deo leis. D’imig sí uirthi agus níor stad sí gur shuidh sí ag taobh na leabpan [?] mar a raibh sé sínte go tréith.
D’fhéuch sí air, agus má d’fhéuch, thuit na deóra síos léithi de’n amharcsan agus dúbhairt sí:
Mhuise mo grádh do shúile a bhí go lonnrach
leathan-gheal.
‘S mo ghrádh do chroidhe mór fiallmhar
catharannach
Mo ghrádh do ghruadhanna mar na caora nuair
a lasann siad
‘S mo ghrádh m’fhear óg, ‘sé mo bhrón bheith a
scaramhaint leat.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádruig Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14