Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Do tharla oidhche an phósta gur eirig an fear breóidhte as a leabaidh agus níor stadadh leis go ndeaghaidh sé go doras tighe na bainise. Do sheasaimh sé ag an ndorus, ‘s d’fheuch sé isteach, agus chonnaic sé thuas í le háis na teine, agus í mar bheadh sí fé bhuadhairt aigne.
Do bhagair sé ar na daoine a bhí ag an ndoras agus dúbhairt:
Sí mo ghradh í thuas cois teine feadh na
h-oidhche
Agus mise anso thíos ag doras na gaoithe
Druidídh siar! is déinídh slighe dhom,
Go sínfead mo lámha go grádh mo chróidhe ‘stig.Do chas sé ó’n ndoras, d’f[h]ill sé abhaile, agus i gcionn seachtaine fuair sé bás le briseadh croidhe.Pádruig Ó Loingsigh, 14 bl., a fuair é seo ó na mháthair, 53 bl. Chuala sí sin é ó na seanamhathair atá le fada fé’n bhfód.- Bailitheoir
- Pádruig Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14