Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Leathanach 058
- XML “Seanscéal - Ubhall Rí Gréag”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean scéal "Ubhall Ríogh Gréag"
Do bhí Ríg ar an nGréig fadó. Bhí triúr mac aige, agus móran fear 'na sheirbhís, agus go dtí so ní dheaghaidh sé riamh ag féuchaint ortha ag obair. Lá amháin dúbhairt sé leis féin go n-eireóchadh sé agus go raghadh sé amach chun iad d'fheiscint. Chómh maith do dhein. Bhí an lá go breagh brothallach, agus nuair bhí sé ag teacht abhaile do shuig sé síos ar charraig mhóir mar bhí tuirse air ó'n dteas. Ní fada bhí sé 'na shuidhe ar an gcarraig nuair a thug sé fé ndeara scamall mór dubh ag bun na spéire agus é a deanamh air anoir ndeas, agus níor stad an scamall go dtáinig sé ó's a chómhair amach, agus do buailead isteach ins na fiacla é le pléasc a bhain trí cinn de's na fiacla amach as tosach a bhéil; agus d'imigh an scamall an bóthar céadna thar nais gan aon fhocal do labhairt.
Do tháinig bochtanacht 's náire ar an Ríg an luath is bhraith sé a fhiacla imighthe. Do chuaidh sé abhaile 's luig sé ar a leabáidh, 's ní raibh a fhios ag éinne cad a bhí air. Dúbhairt na mic, an bhéirt chríona, te na chéile go gcaithfidís(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Dheada
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Faisnéiseoir
- P. O' Mórdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 89
- Seoladh
- Cé Bhréanainn, Co. Chiarraí