Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Leathanach 111
- XML “Amhras”
- XML “Púcaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí bean ann fadó. Bhí aon bhó amháin aici, agus bhíodh iongantas uirthi, cad a d’eirigheadh de’n bhó gach maidin, ná bíodh aon diúir bainne ’ca. Do bhí droch-amhras aici ar bhean dá comharsan.
Oidhche amháin i Mí na Bealtaine, d’fhair sí an bhó feadh na h-oidhche, agus ar eirighe lae cad a chífeadh sí ná girr-fhiadh agus é na sheasamh ar a chosaibh deire, agus é ag ól na bó ar a chroidhe dhícheall.
“Seadh,” ar sise, “tá sé ráidte riamh gur doimhin an poll poll an amhrais”.
[Eamon Ó Seaghdha, 46 bl. ó’n athair.]- Faisnéiseoir
- Eamon Ó Seaghdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 46
- Púcaí
Do bhí fear ar an dTír Uachtarach céad bliain ó shoin, go raibh a lán caorach aige. Lá breagh bhí sé a dul ar an gcnoc á bhfeuchaint. Nuair a bhí sé ar barra na faille, do tháinig ceo na thimpeall, agus ba ghearr ná raibh a fhios aige cá raibh sé. D’fhill sé i dtreo an bhaile dar leis, agus tar éis tamaill do ghlan an ceo agus fuair sé é féin istig i dtóin “Macha an Phúcha”. Do dhein sé ar an áit ‘na raibh na caoire arís, agus chonnaic sé iad go léir. Nuair a bhí sé a teacht abhaile, do líon an ceo arís, agus chonnaic(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- P. Ó Seagdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- An Tír, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Tomás Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 71
- Seoladh
- An Tír, Co. Chiarraí