Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 142](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0429%2FCBES_0429_142.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0429, Leathanach 142
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Leathanach 142
- XML “Guistí - Conchúbharach an Mhachaire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)III
Raghad ar an bhfairrge bhfiáin leat ar an
gcoite atá déanta dhen dair,
Chómh fada agus seolfaidh an ghaoth sin tar líne na gréine amach,
b'fhéidir le casadh na gréine go bhfíllfeam
araon thar nais,
'S go scaoilfinn go hOileán na Naomh thú
ar thearmain Leary Amach.
IV
'Sis eol dóin-sa coite do dhéanamh 's í chur glan déanta ar an dtuinn,
báis agus loingeas na dhéidh sin, 's iad a chur ó'n gcé ar an lín,
Scríobhfainn leabár laidne nó léighfinn chómh cliste le h-aon mhac ríogh
'S tar cailíní deasa h-Éireann. Sí Cití Ó Néil mo mhaoidhean.
Diarmuid Ó Ríoghbhardáin, 73 bl. a thug dom.
S. O Loingsig. O.S.- Bailitheoir
- S. O Loingsig
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Ó Ríoghbhardáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73