Scoil: Cromán (C.) (uimhir rolla 12821)
- Suíomh:
- An Cromán, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Caitlín Bean Uí Shiodhacáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 277](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0437%2FCBES_0437_277.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0437, Leathanach 277
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromán (C.)
- XML Leathanach 277
- XML “Tithe na Seanaimsire”
- XML “Tithe na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tighthe na Sean-Aimsire
Bíodh na tighthe fadó cludaighthe le biríneach. Fuaireadh an biríneach ‘san oileán. Bhíodh leabaidh ‘san cúinne sa cistin ar a glaodhadh settle bed ortha. Ní bhíodh aon seimne ins na tighthib fadó. Poll mór a bhíodh ‘san bhfalla chun an deatach do leigint amach agus is ann a bhíodh an teine. Ní bhíodh ach aon doras ins na tighthibh fadó. Dúnadh an doras le písa adhmhaid ‘san oidhthe agus cuireadh poll ‘san bhfalla agus do sheineadh an písa adhmaid isteach ann. Bíodh aon fhuinneóg amháin I cuid des na tighthibh agus adhmaid mar gloine ortha. Usáidtí cré chun an úrlár do dhéanamh. Deintí an teine le móin agus cipíní. I gcóir solais bíodh scuilb gúimhaise ar lasadh san oidhche acu.
Bríd Ní Shéaghdha, Tóchar - Conas tras-scríobh a dhéanamh »Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bailitheoir
- Síle Ní Éaluighthe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Cromán, Co. Chiarraí