Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 01_029](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0002C%2FCBES_0002C_01%2FCBES_0002C_01_029.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002C, Leathanach 01_029
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 01_029
- XML “Trachtas - Seanscoileanna”
- XML “Tráchtas - Luibheanna”
- XML “Cuigeann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)oiread a dhéanamh an t-am sin leis na múinteoirí féin.
- Tá go leor luibheanna ann ghnitheas dochar don talamh ar nós brannfhear, cabóg ruadh, ruibh preachán, neantógaí, sleasanna cabógaí milis agus driseacha. Cuireann siad sin ar fad na barraí ó fhás. Tá leigheas le fághail i meacain leoin, i nglunach dearg agus i buileanna. Níl sé ceart maide siubhail a bheith agat as sgeich bháin. Itheann na daoine duileasc agus tugtar dos na muca freisin é le n-ithe. Fásann an duileasc sa gcladach ins na buláin. Bítear ag dathú snáth fadó le luibh chun dath buidhe a chur air. Is amhlaidh a chimilidís an luibh don snáth agus go mbeadh dath buidhe air. Tá planndaí ann go bhfuil nimh ionta - boidín gemridh agus bainne bó bleachtáin. Tá an bainne bleachtáin an dona le n-ithe.
- Tá cuinneog againn sa mbaile agus is rud an-úsáideach é le maistire a dhéanamh.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Brighid Ní Choinceanainn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ceathrú an Teampaill, Co. na Gaillimhe