Scoil: Inis Meáin (uimhir rolla 12339)
- Suíomh:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Proinsias Ó Dorchaidhe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Inis Meáin
- XML Leathanach 01_044
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tháinig sideoga isteach sá teach aicí. Nior rinne ná sideoga acht i a marbhú agus d'imtigheadar leo. Ní raibh duine a bith sá teach annsin.
Máire Ní Chongaile - 31adh Deireadh Foghmhair 1938
Sgéal
Do bhí fear ann fadó. Lá amháin d'éirigh sé go han-mhoch ar maidin. Do cuaidh sé síar le claidheach. Thosaigh sé ag bailiú feamainne. Céard a bfhuair sé innte ach cliabh. Dubhairt sé go leachfadh sé isteach sa teampuill é. Isteach leis innte. D'fág sé an cliabh sa gcúinne ó deas. Ag dul amach dhó ina láir tosaigh sé ag rádh nach bfhíor go mbíonn an duine deirionnach a cuirtear sa teampuill ag faire an geata. Tamaill beag, go h-obainn rughadh ar gualainn air agus tugadh clabhta dhó is chuireadh amach an geata é. Ní fhaca sé duine a bith san teampuill. Dúinadh an geatha na dhiadh.
Máire Ní Fláithbheartaigh- Bailitheoir
- Máire Ní Fláithbheartaigh
- Inscne
- Baineann