School: Inis Meáin (roll number 12339)

Location:
Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Proinsias Ó Dorchaidhe
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 06_025

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0002C, Page 06_025

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Meáin
  2. XML Page 06_025
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a tháinig siad go dtí an cladach, chonnaic siad na báid ag dul amach agus iad dhá mbáthadh agus chuaidh amach agus chonnaic siad an tonn bháidhte ag teacht agus dubhairt an mac ba shine go mbéadh siad báidhte. Acht nuair a tháinig sé, chaith an mac ab'óige an píce ann agus laguigh an fhairrge chomh ciun leis an tobar. Tharraing siad na líonta agus tháinig siad i dtír. Deirtear go báitheadh ós cíonn dhá sgór duine an lá sin as an oileán seo. Ins an tráthnóna tháinig buachaill óg agus é ag marchuigheacht ar chapall dubh agus dubhairt sé go raibh bean i n-áit éigin agus an píce a chaitheadh sé ins an bhfairrge an lá sin, gur trí chos bhean a chuir sé é. Chuaidh sé leis agus bhí siad ag imtheacht chaoi nó go deo nó go dtáinig siad go dtí seomra mór agus bhí bean ann ins leabaidh agus an píce in na bolg agus í go dona. Tharraing an buachaill an píce as agus phós an bheirt aca a chéile agus mairuigheadhar go sona seanmhar, agus deirtear nuair a cailleadh an bheirt go raibh cuid do na daoine dhá bhfeiceál ins an oileán go foill.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Micil Ó Fáthartaigh
    Gender
    Male