School: Inis Meáin (roll number 12339)
- Location:
- Inis Meáin, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Proinsias Ó Dorchaidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Meáin
- XML Page 10_012
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann fadó agus d'imthig sé féin agus a mac amac san oidhche. Bhí siad ag dul síos le cladhach. Connaich an mac an rud dubh ag teacht aca. Tháinig faithchíos mór air. 'Spáin sé dá athair é. Níor rinne an t-athair tada ach gread sé chomh maith agus b'féidir leis é. Gread an mac i na dhiadh ac ní raibh sé chomh éasga leis. Lean an rud íad. Thósaigh an mac ag béiceadh agus ag caoineadh ach ní fanfadh an athair leis. Bhí an rud i na ndiadh i gcomhnuidhe. Ach nuar a tháinig siad go dtí earcair ní fhacadar é ní ba mho. Tháinig an mac suas leis an athair annsin agus chuadar abháile le faithcíos. Chuadar a codhladh agus d'éirigh an t-athair go moch ar maidin agus chuaidh sé síos ins an áit céadhna. Breathnaigh sé thart air agus céard a d'fheicfead sé ach gabhair isthig faoí an aill. Chuimhnigh sé annsin go mbféidir gurbhé an gabhar a lean é. Mar leanfad gabhar thú san oidhche.
- Collector
- Tomás Ó Fláithbheartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Ceathrú an Teampaill, Co. na Gaillimhe