School: Inis Meáin (roll number 12339)
- Location:
- Inis Meáin, Co. Galway
- Teacher: Proinsias Ó Dorchaidhe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Inis Meáin
- XML Page 06_016
- XML “Rudaí Neamhshaolta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Níl mórán sgéalta ag muinntir an Oileáin ar mhórán rudaí móra a thuit amach lá amháin ins an Earrach nuair a bhí na daoine ag leasú na bhfataí. Chuaidh fear ag bailiú feamainne agus d'eirigh sé ag a trí a chlog ar maidin. Nuair a chuaidh sé síos bhí an oidhche dubh agus ní raibh mórán eolas aige ins an áit mar ní raibh an fear eile ariamh ins an áit sin agus bhí faithchíos air. Bhí an madadh aige agus nuair a chuaidh sé síos fao'n ulán i garcair Pheadairín Bhriain chonnaic sé rud mór dubh, amach uaidh agus rud geal ó's a chionn. Thosuig an madadh ag tafaint agus nuair a thosuigh, thosuigh capall ag seithreach, thosuigh bean ag gáirídhe agus thosuigh marcach ag tiomáint. Chuaidh sé sall go dtí an áit ar airigh sé an tuathbhás. Nuair a chuaidh, chuaidh capall amach uaidh an ulán agus bean ag fear ag marcuidheacht air. Bhí an bhean agus an fear agus capall básuighthe ins an oileán nuair a tháinig an lá. Bhí Seáinín Pháidín(continues on next page)
- Collector
- Micil Ó Fáthartaigh
- Gender
- Male
- Address
- Baile an Mhothair, Co. Galway