School: Gob an Choire (Clochar) (roll number 16890)
- Location:
- Gob an Choire, Co. Mayo
- Teacher: Sr. M. de Sales
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí rí ar chonndae Mhuigheó fadó agus bhí go fear ag obair dhó. Bhí sean-fhear ag obair leó chomh maith agusbhí sé iongantach greannmhar. Bhíodh sé i gcomhnuidhe ag innsint sgéalta deosa.
Ar chaoi ar bith dubhairt an rí leis go raibh sé ró-ghreannmhar agus go gcaithfeadh sé bheith ábalta innsint dó cé mhéid cártaí a bhí sa bhfarrge. B'in ceist ró-chruaidh don t-sean fhear ach nuair a chuaidh sé abhaile d'innis sé an sgéal dá inghean. Dubhairt sise leis a chuid tae aól agus go n-innseóchadh sí dhó an chaoi le'n é dheánamh. D'ith sé a chuid bidh agus nuair a bhí sé críochnuighthe dubhairt a inghean leis a dhul agus a rád leis an rígh gach srutháin agus abhann dá raibh ag rith isteach sa bhfairrge a stopadh agus go ndéánfaidh tú gach cártaí dá a bhfuil sa bhfarraige a innsint dó. Bhí an rí deánta annsin agus níor bhach sé leis an gceist. Chuir sé ceist eile air. Dubhairt sé leis an bhfear go gcaithfidh sé bheith in ann gach réalt sa spéar a chomhaireamh dhó.Nuair achuaidh an fear abhaile dubhairt sé go raibh sé níos measa anois ná mar bhí sé ariamh.(continues on next page)- Collector
- Pádhraig Ó Gallchóbhbair
- Gender
- Male
- Address
- Na Sraithíní, Co. Mayo
- Informant
- Máire Nic An Mháighistir
- Gender
- Female
- Address
- Na Sraithíní, Co. Mayo