School: Gob an Choire (Clochar) (roll number 16890)
- Location:
- Gob an Choire, Co. Mayo
- Teacher: Sr. M. de Sales
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gob an Choire (Clochar)
- XML Page 212
- XML “An Gadaí Dubh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Gadaidhe DubhBhí triúr gasúr ann fadó agus bhí leas-mhathair acu agus bhíodar in a gcomhnuidhe in aon teach amháin. Lá amháin chuaidh siad ag imirt cárdaí. Bhí dúil ag an t-sean bhean cleas imirt ar na gasúraibh ach "Ní mar shíltear bítear", níor bhuaidh sí ach cluiche amháin amach as naoi gcluichí. Bhí sé sa ghealamhaint dá bhfághadh an tsean bean cluiche amháin go gcaithfeadh na gasúir imtheacht go dtí fásach eicínt. B'in áit nár luighe duine ná beithidheach ná éan ariamh. Bhí teach mór san bhfásach agus capaill, daoine agus cloganna.Réitigh an tsean bhean na gasúir agus chuir sí ar a dturas iad. D'imthigh na gasúir leó go sásta. Bhíodar ag imtheacht leo ariamh nó gur casadh fear ortha b'é an "Gadaidhe Dubh" ainm an fhir a casadh ortha. D'fiafruigh sé díobhta cá raibh siad ag dul agus cé'rbh féin. D'innis na gasúir cá raibh siad ag dul agus dubhairt an gadaidhe leó nach rachadh siad go dtí an áit sin coidhche (go deo). Dubhairt an gadaidhe gur marbhuigheadh gach duine a thug iarracht dhul go dtí an teach a bhí sa bhfásach . Dubhairt an gadaidhe go rachadh sé leó agus d'aontuigh na gasúir leis. Bhí an ceathrar acu ag imtheacht leó(continues on next page)
- Collector
- Pádhraig Ó Gallchóbhair
- Gender
- Male
- Address
- Na Sraithíní, Co. Mayo
- Informant
- Máire Nic An Mháighistir
- Gender
- Female
- Address
- Na Sraithíní, Co. Mayo