School: Béal Easa (Buachaillí)
- Location:
- Foxford, Co. Mayo
- Teacher: M. Ó Gábhacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Béal Easa (Buachaillí)
- XML Page 2
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“De réir béal oideas na ndaoine bhí Fionn ag seilg ar Néifin Mhór lá amháin. Is dócha go raibh Bran agus Sceolán leis ach nílmuid cinnte.”
Do réir béal oideas na ndaoine bhí Fionn ag seilg ar Néifin Mhór lá amháin. Is dócha go raibh Bran agus Sceolán leis ach nílmuid cinnte. Deirtear gur tháinig sé cómh fada lé Sraithín agus ar a bhealach tríd an baile sin dó bhí air a dhul thar claidhe agus bhí carraig mór fairsing ar an sgonnsa sin. Deirtear gur fathach a chur an cloch 'san rioch sin. Tháingh Fionn agus ag dul thar an cloch dhó bhúaíl a chóta é agus thuit an cloch ó'n gclaidhe agus ó'n lá sin go dtí an lá atá indú ann níor chorruigh aon duine é. Tá an cloch céadna lé feiceál anois. Bheul! níor chuir an méid sin imnidhe ar Fionn chúaidh sé ar aghaidh ar nós na gaoithe ach ar thuitim na h-oidhce bhí sé sáruighthe. D'féach sé uaidh; chonnaich sé carraig mór ar chnochán agus súid leis go dtí é.
Do shuidh sé síos air ach is amhlaidh a rinne sé cathoir de. Tá an rían sin lé feicheál anois agus tugtar Suidhe Finn air, agus 'sé an t-ainm atá ar an gceanntar thart timcheall ná Suidhe Finn.