School: Béal Easa (Buachaillí)
- Location:
- Foxford, Co. Mayo
- Teacher: M. Ó Gábhacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Béal Easa (Buachaillí)
- XML Page 5
- XML “Cluichí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Imreochamuid cluichí sa mbaile agus as baile. Bíonn chluichí Gaedhilge ar suibhal againn uaireannta agus uaireannta eile bíonn cluichí béarla ar siubal againn. Cé mhéad uair sa mbliain a caithtear ag imirt cluichí? Seo iad siúd cuid des na cluichí.
Geataí árda. Bíonn an cluichí seo ar siubhal amuigh fán aer. Seasann cúpla daoine thart i fáinne agus bíonn a lámha suas aca agus annsin ritheann beirt isteach idir gach beirt atá ins an fáinne. Bíonn duine amháin ag rith i ndiaidh an duine eile.Rinnce Rósaí. Cailíní is mó a bhíos ag imirt an cluiche seo. Seasann siad thart i fáinne agus bíonn siad ag dul thart agus iad ag labhairt, rinnce, rinnce rósaí buidéal ann the pósaí haidh ha, haidh ha síos sinn go léir.Dallóg. Buachaillí a bhíos ag imirt an cluiche seo. Cuireann buachaillí aon buachaill ámháin 'na sheasamh i gcúinne sa teach agus bíonn dallóg ar an mbuachaill seo. Annsin ritheann na buachaillí agus an buachaill a bhfuil an dallóg air 'na ndiaidh. Má leagann an buachaill a bhfuil an dallóg air a lámh ar aon buachaill eile cuirtear an dallóg ar an mbuachaill sin. Is ins an teach a bhíos an cluiche seo ar siubhal."Lúrabog Lárabog." Bíonn an cluiche seo ar siubhal i n-aice na teineadh. Suidheann cúig nó sé buachaillí thart timcheall na(continues on next page)