School: Droimslaod (roll number 9898)
- Location:
- Drumsleed, Co. Mayo
- Teacher: Maire, Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Droimslaod
- XML Page 212
- XML (no title)
- XML “Ciste Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí fear darbh ainm Antona O Cormaic in a chomhnaidhe i Dúnatha os cionn cead bliadhain o shoin.”
Bhí fear darbh ainm Antona O Cormaic in a chomhnaidhe i Dúnatha os cionn cead bliadhain o shoin. Nuair a scaipeadh a chlann bhí a lán ór aige.Bhí faithchíos air roimh na robálai, agus mar ní raibh aon banc ann an uair sin do chuir sé faoi lic a teallaigh éLeis an aimsear tuiteadh an sean-teac agus tógadh na clóca le na comairsain le tighte a tógáil.Bhí brionglóid ag caraid do thall i Amerioca go raibh an t-ór ann agus tháinig sé le cúpla bliadhain anuas dá cuartú.Bhí móinfhear ag fás ar rian an sean tighe agus ni raibh sé ábalta é a fághail acht siltear go bhfuil sé ann go foill.- Deairtear go bhfuil pota óir a dumaigh Dumhafhrighil. Do feichtí solus ós a cionn go minic acht ní raibh misneach ag duine ar bith e a fhághail.Oidhche amháin fadh ó shoin bhí beirt fhear ag dul thar an áit agus chuala siad guth a rádh “Nach mbeadh sé an mi-ádh mór dá mbeadh fhios ag duine ar bith cá bhfuil an tór seo cuirte”. Chuaidh an fear chomh fada leis an áit(continues on next page)
- Collector
- Seamas Mac Suibhne
- Gender
- Male
- Informant
- Antona Mac Manamon
- Gender
- Male
- Age
- 77
- Address
- Dooreel, Co. Mayo