School: Droimslaod (roll number 9898)
- Location:
- Drumsleed, Co. Mayo
- Teacher: Maire, Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Droimslaod
- XML Page 245
- XML “Lá Pósta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá PósadhNuair a bhíonn beirt ag pósadh bíonn fear agus cailín agus bean pósta leo. Olainn na fir uisge beatha sul a bhfágann siad an teach agus bíonn tuilleadh le n-ól aca nuair a thigeann siad go dtí teach na mná.Téigheann an bhean ar carr amháin agus an fear ar carr eile. Cuireann siad fear amach as an teach nó go mbeidh sé an chead duine a casadh leo mar ní adhmhail bean a chasadh leo go mór mór bean ruadh.Bíonn an bheirt aca ar an carr amháin ag teacht abhaile dóibh agus nuair a thigeann siad abhaile bíonn fáilte mór rómpa. Bíonn féasta breagh aca annsin. Bíonn ceol agus damhsa aca agus is iad an fear agus an bhean pósta a téigheann amac na cead daoine ar an urlár ag damhsú.Annsin tigeann na cleamaire isteach agus bíonn léine geal agus hata cothan a mbíonns gléasta le ribiní daithte ar gac duine aca. Bíonn cailleach agus sean-duine ann agus téigheann siad amac ag damhsa.Má iarruigheann aon duine an hata a bhaint dóibh tabhaireann siad buille de mhaide dóibh. Athruigheann siad an cainnt agus an gáire. Gheibheann siad rud le n-ól agus le n-ithe má itheann siad é.Maireann an bainis go dtí maidin agus bíonn siad ag damsú agus ag seinm ar feadh na h-aimsire.
- Collector
- Róise Ní Tachair
- Gender
- Female
- Informant
- Bean Uí Tachair
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 86