School: Droimslaod (roll number 9898)
- Location:
- Drumsleed, Co. Mayo
- Teacher: Maire, Bean Mhic Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Droimslaod
- XML Page 186
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- SgéalBhí beirt fhear pósta ag dul thar tighe oidhche nuair a chonnaic siad beirt fhear eile taobh amuig de fhuinneóg tighe. Rith an bheirt sin un bealaigh nuair a chonnaic siad na fir eile ag teacht. Sheas an bheirt ag an fhuinneoig agus chonnaic siad beirt bhan agus páiste acú in a láimh.
"Seo" adubhairt siad leis an fir.
"Seo" adubhairt na fir agus thóg siad an leanbh in a láimh agus rith siad abhaile. Nuair a thainig siad abhaile chuir fear acu an páiste idir e féin agus a bhean. Chodail siad go sámh go maidin. D'eirigh siad ar maidin agus nauir a d'it an fear an bricfeasta fuaidh sé amac go dtí an croc leis na ba. Chualaidh sé ar mbealach go bhfuair páiste leis an comhursain bás an oidhche roimhe.Nuair a tháinic sé abhaile dubhairt se le na bean ar a méid a bhfaca sí ariamh a leigfeadh sí uirthi leis an leanbh go bhfuair sé bás ar fhaithchios go scannrochadh sé.
"Abó, ni leigfeadh, arsan bean.
Scathamh in a dhiaidh sin fuaidh sé go dtí an torramh agus nuair a chuir sé a cheann isteach thar an dorais thosaigh an rud a bhí os cionn cláir ag corruigh. Thiompuigh sé abhaile annsin agus thug sé an fear(continues on next page)- Collector
- Caitlín Ní Cailín
- Gender
- Female
- Address
- Doona, Co. Mayo
- Informant
- Tomás O Cailín
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Age
- 84
- Address
- Doona, Co. Mayo