School: Droimslaod (roll number 9898)

Location:
Drumsleed, Co. Mayo
Teacher:
Maire, Bean Mhic Suibhne
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 192

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0129, Page 192

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Droimslaod
  2. XML Page 192
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéal
    Bhí Donncadh Mór in a fhear naomhtha ar an saoghal. Thainig oidhche Nollag air gan tobac. Shín se isteach ar a leabaidh le dioghbháil tobaca. Nuair a reidhthigh a bhean an suipéar dubhairt sí leis eirge amac chuige. Ní chaithfeadh sé an suipéar nuair nach raibh tobac aige. An uair a dhuiltigh sé an bhean an biadh a chaitheamh dubhairt sí leis eirge amac agus an suipéar a bheannuigh dóbhtha. Fuair sé piopa leagtha ar an mbord agus é líonta le tobac. Chaith sé a sháit den tobac. Sin é an oidhche a rinn sé an dán.
    Ar léir a bhí ag caitheamh tobac bhí an píopa ag coinnilt líonta igomhnuidhe. Nuair a fuair sé bás chuaidh sé go geata na bhFlaithis. Bhí a mhathair leis go dtugaidh sé isteach í. Druideadh an geata amac in a dhiaidh. Dubhairt sé annsin
    Mo leath istigh agus mo leath amuigh
    Leigim leat a Mhic Dé is furasta duine a chur amac nach bhfuil teach aige féin.
    Leigheadh a mhathair leis annsin. Dubhradh dó:- "Cé mhéad ba mhait leat a bheith foscailte." Naonbhar naoi n-uaire ar gach taobh, adubhairt sé.
    Dfreagar guth annsin;
    "A Dhonncadh Mhóir, a chroidhe bhig a ndiarrfa síol Eabha agus Adha bá leat.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Language
    Irish
    Collector
    Anna Ní Giontaigh
    Gender
    Female
    Address
    Dooreel, Co. Mayo
    Informant
    Mícheál O Giontaigh
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Address
    Dooreel, Co. Mayo