School: An tSraith

Location:
An tSraith, Co. Mayo
Teacher:
Seán Ó Catháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 537

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0131, Page 537

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An tSraith
  2. XML Page 537
  3. XML “Comharthaí na hAimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1) Nuair a bhíonn an cat in a shuidhe, agus a chúl leis an teine deirtear go bhfuil droch-aimsir ag teacht.

    2) Nuair a bhíonn na tonntacha ag briseadh siar ag Claggan tá dhroch aimsir ag teacht, agus nuair a bhíonn siad dá mbiseadh ag teacht ag Poll Gorm tá déagh-aimsir ag teacht.

    3) Nuair a bhíonn an bogha-ceatha ós cionn Ellie tá droch aimsir ag teacht.

    4) Nuair a bhíonn na géanna fiadhna ag dul soir go dtí Loch na h-Éile tá droch aimsir ag tigheacht, agus nuair a bhíonn siad ag dul siar go dtí na ailltreacha i gClaggan tá aimsear mhaith ag teacht.

    5) Nuair a bhíonn na Faoilleáin ag eitilt i ngiorracht dos na tighthe tá fearthainn ag teacht.

    6) Nuair a bhíonn fáinne thart timcheall ar an ngealach tá fearthainn ag teacht

    7) Nuair a thiocfas an ceó isteach thar an fhairrge tá fearthainn ag teacht acht nuair a thiocfas an ceó is Croc Gleann Caistile tá soineann ag teacht.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish
    Collector
    Sorcha Ní Mhuilligh
    Gender
    Female
    Informant
    Liam Ó Gáchain
    Gender
    Male